AURA Sports Recovery Cream: Supporting GAA Players’ Recovery

Uachtar Téarnamh Spóirt AURA Tacaíocht téarnaimh d’Imreoirí CLG

Buneolas ar AURA d’imreoirí CLG
ÉiIítear fisiciúlacht, lúfaireacht, agus seasmhacht thar an ngnáth i spóirt CLG, lena n-áirítear Iománaíocht, Peil Ghaelach, Camógaíocht agus Liathróid Láimhe. Is minic a bhíonn tinneas sna matáin, righneas sna hailt nó ballbhrú beaga ann mar thoradh ar sheisiúin diantraenála, cluichí iomaíocha agus tuairteanna fisiceacha sna spóirt seo. Tá Uachtar Téarnamh Spóirt AURA, le foirmle forbartha ag cógaiseoirí, atá insilte le capsaicin ó phiobar sillí, deartha chun tacú le himreoirí CLG ina dtéarnamh, agus cabhrú leo barr cumais a bhaint amach ina gcluichí. Soláthraíonn an t-uachtar nádúrtha seo faoiseamh dírithe, le meascán den eolaíocht agus den nádúr, chun téarnamh gasta agus feidhmíocht leanúnach a chothú.

Buntáiste AURA d’Imreoirí CLG
1.    Faoiseamh ó Thinneas Matáin
Bíonn tuirse mhatáin ar imreoirí CLG go minic mar gheall ar ráibeáil, taicleáil nó athghluaiseachtaí ar nós bualadh san iomáint nó ciceáil sa pheil Ghaelach. Cruthaíonn foirmle AURA atá bunaithe ar chapsaicin mothúchán téimh a spreagann sreabhadh na fola, cabhraíonn sé le matáin atá ró-úsáidte a bhogadh tar éis diantraenála nó cluichí.

2.    Tacaíonn le Téarnamh Ailt
Is féidir le nádúr ardstruis spóirt CLG stangadh a bhaint as ailt, go háirithe sna glúine, le guaillí agus sna rúitíní. Tugann úsáid dhírithe AURA faoiseamh do mhíchomphord ailt, agus bíonn sé níos éasca dá réir d’imreoirí teacht chucu féin ó chasadh, buillí, nó strus leanúnach agus filleadh ar an imirt go muiníneach.

3.    Cabhraíonn le téarnamh Iar-chluiche
Tá téarnamh iarchluiche ríthábhachtach d’imreoirí CLG le buaicfheidhmíiocht a chothabháil i rith an tséasúir. Cabhraíonn éifeacht téimh AURA le tinneas agus pianta ó iombhualadh fisiceach a mhaolú, agus bíonn imreoirí in ann teacht chucu féin níos tapúla agus ullmhú don chéad chluiche nó seisiún traenála eile.

4.    Cothaíonn sé Cneasú Nádúrtha
Tá AURA neamhchosúil le hábhair shintéiseacha mar go mbaineann sé leas as airíonna nádúrtha capsaicin le tacú le próisis cneasaithe an choirp. Déanann sé seo rogha cineálta éifeachtach de le haghaidh imreoirí a dteastaíonn cur chuige iomlánaíoch uathu i leith téarnaimh gan ceimicí díobhálacha.

5.    In-iompraithe agus Éasca a Úsáid
6.    Tá sé éasca AURA a iompar ina phacáiste le tiúb 100ml i mála feistis, ionas gur féidir le himreoirí é a úsáid nuair is gá - san ionad traenála, ag cluichí as baile, nó sa bhaile. Insúitear a fhoirmle neamh-bhealaithe go mear, agus tugann faoiseamh gan stró.

Cén fáth go bhfuil AURA foirfe d’imreoirí CLG
Bíonn meascán ar leith de luas, neart, agus teacht aniar de dhíth i spóirt CLG, agus is féidir leis a bheith dian ar an gcorp. Tá Uachtar Téarnamh Spóirt AURA oiriúnaithe do na héilimh seo.
●    Úsáid Dhírithe Cuir go díreach ar na matáin nó ar na hailt atá tinn, ceathairchéip, teannán na hioscaide, nó guailne mar shampla, le haghaidh faoisimh logánta.
●    Foirmle Luathghníomhach Tagann an mothúchán téimh tar éis 2-3 nóiméad, agus tugann sé faoiseamh go gasta nuair a bhíonn an t-am teoranta idir traenáil agus cluichí.
●    Ilghnéitheach le haghaidh gach cleachtadh CLG Más iománaí, peileadóir, imreoir camógaíochta nó liathróid láimhe tú, tacaíonn AURA le téarnamh ó éilimh shonracha do spóirt.
●    Sábháilte le húsáid go rialta: Tá AURA foirmlithe le comhábhair nádúrtha, tá sé cineálta don chraiceann agus oiriúnach le hadhaigh úsáide laethúil le linn tréimhsí diana traenála.

Conas AURA a úsáid le haghaidh Téarnamh Optamach
1.    Úsáid go Tíosach: Fáisc beagán den Uachtar Téarnamh Spóirt AURA amach ar bharr do mhéara.
2.    Cuimil isteach sa chraiceann: Cuimil an t-uachtar go bog isteach sa mhatán nó san alt atá buailte, ar nós ceathrúna, colpai, nó guaillí, go dtí go mbíonn sé insúite go hiomlán.
3.    Fan ar Ghníomhú Fan 2-3 nóiméad ar an mothúchán téimh a thugann le fios go bhfuil faoiseamh gníomhach ag tarlú.
4.    Nigh lámha go hIomlán Glan do lámha le gallúnach agus uisce tar éis úsáide d’fhonn teagmháil leis na súiile nó le ceantair íogaire a sheachaint.
5.    Úsáid mar is Gá Úsáid suas le 3-4 uair sa lá, go háirithe tar éis traenála, cluichí nó dianghníomhaíocht fhisiceach.
Rabhadh: Úsáid sheachtrach amháin Seachain craiceann briste, seicín mhúcasach, agus ceantair íogaire. Éirigh as é a úsáid má tharlaíonn greannú agus téigh i gcomhairle le gairmeoir cúram sláinte.

Úsáidí ar leith le haghaidh Imreoirí CLG
●    Iománaithe agus Imreoirí Camógaíochta Tabhair faoiseamh ó thinneas gualainne agus sciatháin ó luascadh camáin nó iarrachtaí a bhlocáil.
●    Peileadóirí Gaelacha Maolaigh stangadh i matáin na gcosa ó chiceáil, ráibeáil, nó taicleáil.
●    Imreoirí Liathróid Láimhe Maolaigh míchompord láimhe agus rosta ó athbhualadh leanúnach liathróide
●    Téarnamh Ginearálta: Tabhair faoi mhion-bhallbhrúnna nó stangadh ó theagmháil fhisiceach a tharlaíonn go coitianta i ngach spórt CLG.

Feabhsaigh d’fheidhmíocht CLG le AURA 
Is é an téarnamh bunchloch na feidhmíochta sa lúthchleasaíocht, agus cabhraíonn Uachtar Téarnamh Spóirt AURA le himreoirí CLG traenáil níos crua a dhéanamh agus imirt níos láidre. Trí AURA a chur le do ghnáthamh iar-thraenála nó iar-imeartha is féidir leat:
●    An t-am scithe a tharlaíonn de bharr míchompord matáin nó ailt a laghdú.
●    Solúbthacht agus soghluaisteacht le haghaidh feidhmíochta sheasmhach a chothabháil.
●    Tacú le sláinte fhisiceach fhad-téarmach trí shéasúir dhiana CLG.
●    A bheith friseáilte agus réidh don chéad dúshlán eile, cé acu cluiche an chlub áitiúil, nó cluiche craoibhe.

Cén fáth AURA?
Seasann Uachtar Téarnamh Spóirt AURA amach mar gheall ar a thiomantais don cháilíocht agus don éifeachtúlacht. Tá sé forbartha ag cógaiseoirí le cumhacht nádúrtha capsaicin a nascadh le foirmle eolaíoch chun faoiseamh iontaofa a sholáthar. Is uirlis riachtanach é d’imreoirí CLG ag gach leibhéal mar gheall ar a iniomparthacht, a bheith éasca a úsáid, agus a chomhábhair nádúrtha.

Glac páirt i bpobal AURA
Ní táirge amháin é Uachtar Téarnamh Spóirt AURA - ach comhpháirti ar do thuras CLG. Más glóir gcluiche ceannais na hÉireann atá uait, nó sult a bhaint as cluiche áitiúil, cabhraíonn AURA leat téarnamh nádúrtha a dhéanamh agus fanacht sa chluiche. Téigh go aurasportscream.com le níos mó a fhoghlaim agus déan cuid de do ghnáthamh téarnaimh de AURA.
Téarnamh níos Tapúla. Imirt níos Láidre. Roghnaigh AURA.

 

Ar ais chuig an mblag